Déagóirí fíor sásta in Órán Mór

Maith sibh na déagóirí as Bhaile Chláir, an Charn Mór, agus Eanach Dhún a chríochnaigh dhá chúrsa ag Club Seoltóireachta Bhá na Gaillimhe (GBSC) i Rinn Mhaoil, Órán Mór, le déanai, chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus chun spraoi a bheith acu ar an uisce ag an am céanna.
Ba é seo an dara bliain ar chomhoibrigh Gaeltacht an Eachréidh leis an GBSC chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do dhéagóirí ar mhian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus iad ag baint taitnimh as seachtain de ghníomhaíochtaí spraíúla amuigh faon aer.
Bhí an-céad cúrsa ‘Gaeilge Chois Trá’ go hiontach anuraidh agus rinneamar forbairt air i mbliana le níos mó deiseanna a thairiscint do dhéagóirí áitiúla páirt a ghlacadh in Orán Mór.
I mbliana, bhí dhá chúrsa againn. Bhí an chéad seachtain dírithe ar dhaltaí sa chéad bhliain agus sa dara bliain, agus bhí an dara cúrsa dírithe ar dhaltaí níos sine, agus béim mhór á cur ar ullmhú don scrúdú cainte Gaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta.
In ainneoin na gaoithe láidre agus na báistí troime, bhí an-spraoi ag na daltaí níos óige le linn na chéad seachtaine. Bhí orthú go leor dá gcuid gníomhaíochtaí agus cluichí a aistriú isteach i gclubteach GBSC mar gheall ar an aimsir.
Chum na ceannairí cluichí agus gníomhaíochtaí den scoth le déanamh taobh istigh le linn an droch aimisir. Ach, nuair a bhí an deis acu, bhain na déagóirí taitneamh ollmhór as cadhcáil amuigh ar an bhfarraige.
Spreagadh na déagóiri chun Gaeilge a labhairt i rith an lae, agus bhí Gaeilge liofa ag na teagascóirí ar fad. Bhí cuid de na ceannairí tar éis oiliúint a fháil ag Coláiste Uisce, coláiste mór le rá i nGaeltacht Iorrais i gContae Mhaigh Eo atá ag eagrú campaí spóirt den scoth trí mheán na Gaeilge le blianta fada.
Bhí an aimsir i bhfad níos fearr don dara cúrsa, a bhí dírithe ar dhaltaí na hIdirbhliana agus na Cúigiú Bliana.
Ar maidin, dhírigh a múinteoir Gaeilge ar an ullmhúchán don scrúdú cainte Gaeilge (Oral Irish examination) don Ardteistiméireacht, agus bhí uair an chloig go leith de ranganna Gaeilge ag na déagóirí le múinteoir Gaeilge.
Tá an t-aiseolas atá faighte againn ó thuismitheoirí thar a bheith dearfach. Thug gach duine cúig réalta as cúig do na cúrsaí.
“Thaitin sé go mór le m’iníon, in ainneoin na haimsire. Bhí sí i gcuideachta triúr cairde agus bhain siad ar fad an-taitneamh as. Tá grá úr aici don uisce anois,” a dúirt máthair amháin a bhí lán-sásta.
Tá súil ag oifigigh phleanála teanga Ghaeltacht an Eachreidh agus an Bhruaich Thoir go bhféadfaidh sé seo a bheith ina rogha bhliantúil do dhéagóirí ar thaobh thoir Chathair na Gaillimhe, ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus taitneamh a bhaint as spórt agus gníomhaíochtaí ag an am céanna.
Ós rud é go mbíonn na coláistí samhraidh i gConamara agus in Oileáin Árann lán go béal go minic beagnach bliain roimh ré, is rogha iontach iad na cúrsaí ‘Gaeilge Chois Trá’ do dhéagóirí inár gceantar féin le linn laethanta saoire an tsamhraidh.



