Cuir do rang Gaeilge in áirithe inniu

Tá ticéid ar díol anois do théarma nua ranganna Gaeilge do dhaoine fásta in Óstán na nÁirsí i mBaile Cháir na Gaillimhe, ag tosú ar an Máirt seo chugainn.
Beidh an múinteoir áitiúil Máire Nic Oireachtaigh i gceannas ar théarma ocht seachtaine de ranganna Gaeilge ón 13ú Eanair go dti an 3ú Márta.
Tá dhá leibhéal ann (Tosaitheoirí, 7.15 go 8.15in; agus Idirmheánach, 8.30in go 9.30in) agus is é €70 an costas don téarma. Díreach in am do Sheachtain na Gaeilge!
Beidh dhá rang á reáchtáil ag Máire gach seachtain le ceachtanna taitneamhacha, uair an chloig ina mbeidh an bhéim ar comhrá agus craic.
Tá líon na spásanna atá ar fáil teoranta agus moltar do dhaoine áit a chur in áirithe a luaithe is féidir ag an nasc seo: https://tinyurl.com/239tu3v4
Más tosaitheoir iomlán thú, nó mura bhfuil focal Gaeilge agat ó bhí tú ar scoil, moltar duit an leibhéal níos ísle a roghnú (ó 7.15 go 8.15 i.n. Múinfidh Máire frásaí bunúsacha daoibh.
Moltar do dhaltaí a chreideann go bhfuil siad ag leibhéal Idirmheánach (B1) páirt a ghlacadh sa dara rang ó 8.30 go 9.30pm. Má thuigeann tú cuid de na comhráite ar Ros na Rún nó tráchtaireacht ar chluichí CLG ar TG4, is é seo an rang duitse.
Molann Gaeltacht an Eachridh go láidir do leibhéal Gaeilge a thástáil ar line sula gcláraíonn tú do cheann de na ranganna.
Tá tástáil leibhéal iontach ar líne ag Gaelchultúr atá éasca le húsáid agus a thógann thart ar 10 go 20 nóiméad le críochnú ag an nasc seo: https://www.gaelchultur.com/en/assessment
Tar éis duit an tástáil a chríochnú, roghnaigh an cúrsa ceart duit féin, A1 agus A2 nó B1.
Chríochnaigh ár múinteoir óg, Máire, Dioplóma sa Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana agus tá sí ag tnúth le bualadh lena mic léinn arís ar an Máirt seo chugainn.
Caithfidh an €70 don téarma ocht seachtaine a íoc roimh ré ar ár leathanach Eventbrite agus tá sé an-tábhachtach an leibhéal ceart a roghnú sula dtosaíonn tú.
Is féidir dul i dteagmháil le Ciarán ag optanteachreidh@gmail.com le tuilleadh eolais a fháil, ach tá an t-eolas ar fad ar an leathnach ar Eventbrite.
Go n-éirí libh!

