Cuairt speisialta ar theach Tomás

Comhrá cois teallaigh i dteach Tom Concannon inné.
Níl scéalaí níos fearr i nGaeltacht an Eachréidh ná Tomás O Coinceannain, as Eanach Dhúin, agus bhí tráthnóna iontach againn ina chuideachta inné.
Ba é Tomás an chéad duine a cuireadh faoi agallamh mar chuid dár dtionscadal Taifead ar na Cainteoirí Dúchasacha i mí na Nollag 2023 agus chuir sé fáilte ollmhór romhainn ina theach ar bhruach na Coiribe le haghaidh cuairt trí uair an chloig inné.
Anois agus é beagnach 98 bliain d’aois, is breá le Tomás cuairteoirí a thabhairt chuig a theach agus scéalta a roinnt leo ina chuid Gaeilge álainn ó oirthear na Coiribe.
Bhí áthas an domhain air bualadh arís le Alanagh Ní Chioniola Ní Ghriofa, an bhean óg as Conamara a rinne na hagallaimh le 20 cainteoir dúchais Gaeilge idir Gaeltacht an Eachréidh agus An Bruach Thoir anuraidh. Tá na deich bhfíseán ón gceantar seo ar ár gcainéal YouTube: https://www.youtube.com/@GaeltachtanEachr%C3%A9idh-f6z
Bhí Alanagh ag iarraidh cuairt a thabhairt ar Tomás sula rachaidh sí thar lear go luath.Beidh sí ag múineadh Gaeilge in Ollscoil Memorial i dTalamh an Éisc, Ceanada mar theagascóir Gaeilge ICUF (Irish Canadian University Foundation) don bhliain seo chugainn.
Dúirt Tomás léi a chinntiú go dtiocfadh sí abhaile, mar ní féidir leis an tir seo a daoine óga is fearr a chailleadh!
In éineacht linn freisin bhí an file Sean O Coistealbha, as An Spidéal, a bhfuil ceangail an láidir aige le muintir Ghaeltacht an Eachréidh ó bhí sé ina fhear óg.
Ar feadh níos mó ná trí huaire an chloig, d’inis Seán agus Tom scéalta dúinn faoi dhéanamh poitín, Éirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse, an chléir dhian, agus cén sórt eispéireas a bhí ann fás aníos i dteaghlaigh lán-Ghaeilge I gConamara agus Eanach Dhún.
D’inis Tomás dúinn faoi na naisc láidre idir na pobail Gaeilge ar dhá bhruach na Coiribe nuair a bhí sé óg agus thug sé le fios gur thrasnaigh a bhean féin an abhainn ó Chluain Iofa, in aice le Maigh Cuilinn, nuair a phós siad.
Tá Tomás le ceiliúradh a dhéanamh ar a 98ú breithlá i mí Dheireadh Fómhair agus chuir sé brón in iúl gur bhásaigh a chara Sean O Murchadha (96) níos luaithe i mbliana.
Oibríonn Tom fós ar an bhfeirm gach lá, ach deir sé go bhfuil sé deacair cainteoirí dúchais a aimsiú sa cheantar le labhairt Gaeilge leo. É sin ráite, is breá leis cuairteoirí a fháil agus bíonn sé ina óstach go rialta do scoláirí, scríbhneoirí, agus díograiseoirí teanga a bhfuil grá acu do shaibhreas a theanga ó bhruach thoir na Coiribe.
“Go maire tú an céad!”
Míle buíochas Tom!
…………………………..
Seo Tom ag caint le Alannagh ar YouTube: https://youtu.be/GKkx6Ox-CaQ


