Cuairt ar laoch áitiúil in Eanach Dhún

Ní féidir le gach pobal a rá go bhfuil “seoid” (treasure) ina gcónaí ina measc, ach is amhlaidh atá in Eanach Dhúin – an áit a thugann Tom Concannon (a bheidh 99 bliain d’aois i mbliana) sásaimh do gach duine timpeall air.
Is duine áthasach é Tom, a bheidh ag casadh 99 bliain d’aois i mí Mheán Fómhair, agus creidtear gurb é an cainteoir dúchais Gaeilge is sine a d’fhás aníos agus atá fós ina chónaí ar bruach thoir Abhainn na Coiribe.
Tugann lucht acadamh, iriseoirí agus scéalaithe cuairt go rialta ar teach cónaithe Tom in Eanach Dhún mar gheall ar shaibhreas a chuid scéalta agus áilleacht a Gaeilge labharta.
Tá an Gaeilge álainn a labhraíonn Tom sách difriúil le Gaeilge Chonamara agus is breá leis nuair a thagann cuairteoirí chuig a teach le labhairt leis i nGaeilge agus a scéalta a roinnt leo, scéalta a théann siar go dtí Cogadh na Saoirse, a óige i dteach lán Gaeilge, agus an tréimhse fuilteach nuair a bhi na Dúchróinaigh (Black and Tans) ag gabháil timpeall.
Tar éis dóibh leabhrán filíochta a sheoladh i Scoil Náisiúnta Eanach Dhúin sios an bóthar, thug an file Seán Ó Coistealbha, an tOifigeach Pleanála Teanga Ciarán Tierney, agus múinteoir bunscoile Eilis Nic an Rí cuairt ar Tom ina theach cónaithe, áit ar thóg sé agus a bhean chéile Mary ceathrar iníonacha.
Sula sroicheamar a theach, bhí Tom amuigh ag seiceáil ar na beithí agus ag tiomáint a tharrachóir timpeall na feirme, mar a dhéanann sé gach lá.
Sa scoil, labhair cuid de na páistí le bród ollhmór faoin chainteoir dúchais 98 bliain d’aois atá ina chónaí sa cheantar.
Mhair cuairt a bhí ceaptha a bheith deich nóiméad níos mó ná trí huaire an chloig agus Tom ag insint scéalta dúinn ‘as Gaeilge’ faoi na sean-laethanta in Eanach Dhúin agus i nGaillimh.
Ba é Tomás an chéad duine a cuireadh faoi agallamh mar chuid dár dtionscadal Taifead ar na Cainteoirí Dúchasacha i 2024 agus chuir sé fáilte ollmhór romhainn arís inné.
Ba é Tom an duine deireanach a d’fhág an t-urlár damhsa agus an t-óstán nuair a bhí cóisir againn dár gcainteoirí dúchais sa chathair i mí Dheireadh Fómhair 2024.
Ar feadh níos mó ná trí huaire an chloig inné, labhair Seán agus Tomm faoi Éirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse, agus an t-athrú dearcadh i measc an phobail i leith na Gaeilge.
Coinníonn Tom spéis mhaith i gcúrsaí reatha, cé go gceapann sé go gcaitheann daoine an iomarca ama ar a bhfóin sa lá atá inniu ann.
Oibríonn Tom fós ar an bhfeirm gach lá agus is aiobheann leis Gaeilge a labhairt le cainteoirí dúchais a thagann ar cuairt chuige.
Bhí Tom le feiceáil i dTaispeántas ‘Laochra Áitiúla’ I measc 27 duine i gContae na Gaillimhe a bhfuil a gcuid scéalta ag spreagadh na ndaoine mórthimpeall orthu agus ag neartú a bpobail. Bhí sé ar dhuine de laochra Sheachtain an Aosaithe Dhearfaigh i nGaillimh (Positive Aging Week) i mí Mheán Fómhair seo caite.
“Go maire tú an céad!”
Míle buíochas Tom!
Is féidir teacht an físeán a rinneamar le Tom I 2024 ag an nasc seo ar YouTube: https://www.youtube.com/watch?v=GKkx6Ox-CaQ&t=628s


