Cuairt ar laoch áitiúil in Eanach Dhúin

Beidh lá fíor speisialta ag fear mór le rá as Eanach Dhúin an mhí seo, nuair a cheiliúrfaidh Tom Concannon — a gcreidtear gurb é an cainteoir Gaeilge is sine ar thaobh thoir na Coiribe é — a 99ú breithlá lena a theaghlaigh.

Roimh an gceiliúradh, thug ár n-Oifigeach Pleanála Teanga, Ciaran O Tiarnaigh, cuairt ar theach Tom inné i gcuideachta Alanagh Ni Chioniola Ni Ghriofa, an Gaeilgeoir óg a rinne chuir 20 cainteoir dúchais Gaeilge idir Gaeltacht an Eachréidh agus An Bruach Thoir faoi agallamh in 2024.

Bhí cuairteoir fíor speisialta in éineacht le hAlanagh chun bualadh le Tom – a hiníon trí mhí go leith d’aois, Seoidín, a thaisteal go hEanach Dúin i gcuideachta mháthair Alanagh, Roisin, cainteoir dúchais Gaeilge ó Oileáin Árann.

Níl scéalaí níos fearr i nGaeltacht an Eachréidh ná Tom agus tá cumas iontach aige chun seanfhocail Ghaeilge a mheabhrú i lár comhrá.

Ba é Tom an chéad duine a chuireamar faoi agallamh mar chuid dár dTionscadal Cainteoirí Dúchais i mí na Nollag 2023. Tá an t-agallamh a rinne Alanagh le Tom ar cheann den deich bhfíseán atá ar fáil ar ár gcainéal YouTube agus ar suíomh Gaeltacht an Eachréidh.

Tháinig Tom chomh maith chuig ár n-oíche shóisialta do chainteoirí dúchais in Óstán Páirc Mhionlaigh, agus ba é an duine deireanach é a d’fhág an t-urlár rince ag deireadh na hócáide.

Is féidir an t-agallamh a rinne Tom le Alanagh a fheicáil anseo: https://youtu.be/GKkx6Ox-CaQ?si=n2yKgXeex8ddR5Hh

Tugann acadóirí agus scoláirí ó gach cearn d’Éirinn cuairt ar Tom go rialta chun an Ghaeilge uathúil a labhraíonn muintir bhruach thoir na Coiribe a chloisteáil.

Tá frásaí agus cainiúint ag Tom nach bhfuil ar eolas ag muintir Chonamara.

Agus bíonn scéalta iontacha aige. Mar shampla, labhair sé linn faoin lá a d’éirigh leis an ceann is fearr a fháil ar fheirmeoirí as Conamara ag margadh i gCathair na Gaillimhe, mar gur cheap siad nach raibh aon tuiscint ar an nGaeilge ag Tom ná ag a athair.

Is breá le Tom scéalta a insint do dhaoine faoine óige, faoin éirí amach i 1916, agus faoin gcaoi a raibh sé ag fás aníos i dteaghlach Gaeilge ar bhruach thoir na Coiribe. Ba as an taobh eile den loch, as Cluain Life i Maigh Cuilinn, a tháinig a bhean chéile (nach maireann), agus labhair sé faoi na naisc idir lucht labhartha na Gaeilge ar an dá thaobh den abhainn.

Chuir sé fáilte ar leith roimh Sheoidín agus labhair sé faoin áthas a thug a chuid páistí agus garpháistí féindá shaol féin.

“Go maire tú an céad!”

Tom Concannon agus Alanagh Ni Chioniola Ni Ghriofa le chéile ar an bhfeirm i 2025. Ba é Tom an chéad duine a chuireamar faoi agallamh dár dtionscadal leis na cainteoirí dúchais.