Ceithre seachtaine eile san Arches

Míle buíochas le gach duine a bhi linn ag ár ‘Ciorcal Comhrá’ in Óstán an Arches i mBaile Chláir ar an oíche Déardaoin seo caite.
Ba iontach an rud é bualadh leis an oiread sin daoine nua le cúig seachtaine anuas agus an grá iontach atá ann don Ghaeilge timpeall Bhaile Chláir a fheiceáil.
Rinneamar ceiliúradh ar chríoch ár gcéad sraith de chúig chiorcal comhrá le bia ar an Déardaoin.
Ag cruinniú na seachtaine seo caite, d’aontaíomar le gach duine a bhí i láthair (agus leis an bhfoireann álainn san óstán) go leanfaimis leis an gCiorcal Comhrá ar feadh ceithre seachtaine eile (1, 8, 15, agus 22 Bealtaine) roimh an samhradh.
Mar sin tar agus bain sult as an deis Gaeilge a labhairt le cuideachta mhaith ar feadh uair an chloig. Ní gá duit a bheith líofa chun páirt a ghlacadh.
Tá ‘Ciorcal Comhrá’ iontach ar siúl i Loch George gach maidin Aoine le beagnach deich mbliana anois, ach b’fhéidir go n-oirfeadh an ciorcal nua seo dóibh siúd a bhfuil gealltanais eile acu i rith an lae.
Buailimid le chéile in Óstán an Arches gach Déardaoin ó 8pm go 9pm.
Tar isteach agus bain triail as!


