Ceiliúradh áthasach ag Tigh McHugh

Ba é an clós álainn lasmuigh ag cúl Teach Tábhairne agus Bialann Traidisiúnta McHugh ar Bhóthar Thuama an suíomh dár gcéad ‘BBQ an tSamhraidh’ i gcomhpháirtíocht leis an Bruach Thoir ar an Sathairn.

Nach raibh an t-ádh linn leis an aimsir! Bhiomar in ann an ócáid ​​ar fad a reáchtáil amuigh faoin ngrian ar feadh ceithre huaire an chloig.

Bhí sé go hiontach suas le 70 duine ó Ghaeltacht an Eachréidh agus An Bruach Thoir a fheiceáil ag teacht le chéile le haghaidh oíche de chomhrá, craic, ceol, agus scéalaíocht ar Bhóthar Thuama, i dteach tábhairne a bhfuil naisc láidre aige lenár bpobal Gaeilge le blianta fada.

D’fhreastail daoine as Baile Chláir, Eanach Dhúin, Carn Mór, Mionlach, agus Tír Oileán, chomh maith le roinnt ceoltóirí ó Chonamara, ar an ócáid ​​agus táimid an-bhuíoch de na ceoltóirí agus na taibheoirí a chuir siamsaíocht den scoth ar fáil dúinn ag an ócáid.

Buíochas ar leith do Jarlath Brennan a sheinn amhráin bhreátha dúinn ag tús na hócáide.

B’éigean do Jarlath, bainisteoir fhoireann peile na mban Balile Chláir na Gaillimhe a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana, imeacht go luath mar gheall ar chluiche mór eile a bheith ag na mban tráthnóna Dé Sathairn.

Chuir Cathal Seoighe, Hubert Jennings, agus cúpla bean óg ó Chonamara ceol den scoth ar fáil dúinn freisin, rud a chuir go mór leis an atmaisféar cairdiúil ag Tigh McHugh.

Mhúin siad damhsa Gaelach do chúpla duine againn freisin. Mura raibh an caighdeán ar fheabhas, bhí an ‘craic’ go hiontach ar fad.

Buíochas speisialta freisin le Pádraig Ó Fathaigh agus Pádraig Ó Cuirbín, a thug “agallamh beirte” siamsúil dúinn sular thug daoine aghaidh ar an mbaile.

Ba bhealach deas é an BBQ seo ag McHugh’s chun daoine a thabhairt le chéile agus daoine a spreagadh chun taitneamh a bhaint as oíche amuigh agus cibé méid Gaeilge a bhí acu á úsáid in atmaisféar cairdiúil.

(Grianghraif le Dillon Ó Callaghan)