Campaí seoltóireachta den scoth in Órán Mór

Bhí an-rath ar champa spóirt nua a chuir gníomhaíochtaí agus ranganna Gaeilge ar fail do dhéagóirí ó Chathair na Gaillimhe agus na ceantair máguaird le coicís anuas.

Chuaigh Club Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe (Galway Bay Sailing Club) i gcomhpháirtíocht le hOifigigh Pleanála Teanga timpeall na Gaillimhe chun scoláireachtaí a thairiscint do na campaí seachtaine ‘Gaeilge Chois Trá’ seo i Rinn Mhíl, Órán Mór, a chríochnaigh Dé hAoine seo caite.

Reáchtáladh na gníomhaíochtaí go léir amuigh faoin aer inár dteanga dhúchais.

Bhí áthas an domhain ag Gaeltacht an Eachréidh teacht ar bord do na campaí spóirt seo ina raibh an bhéim ar ghníomhaíochtaí spraíúla lasmuigh trí mheán na Gaeilge.

Labhair na teagascóirí go léir Gaeilge den scoth i rith an dá sheachtain.

Bhain na déagóirí taitneamh as ranganna Gaeilge sa seomra ranga ar maidin sular ghlac siad páirt i réimse gníomhaíochtaí lasmuigh lena n-áirítear seoltóireacht, conas rib a úsáid, cadhcáil, snámh, léimneach cé, céilí, agus tráth na gceist.

Dúirt tuismitheoirí go raibh siad an-sásta le caighdeán na ranganna Gaeilge sa seomra ranga agus le cairdiúlacht na dteagascóirí óga, a fuair taithí ag campaí Choláiste Uisce i nGaeltacht Cho. Mhaigh Eo le samhraí beaga anuas.

Dhíol ár scoláireachtaí amach, tar éis d’iarratasóirí aistí gearra a scríobh, rud a léiríonn an t-éileamh ollmhór atá ar ghníomhaíochtaí ‘as Gaeilge’ ar bhruach thoir Abhainn na Coiribe.

“Bhí sé thar cionn a bheith in ann scoláireachtaí do champaí spóirt ‘as Gaeilge’ a thairiscint do dhéagóirí áitiúla ó cheantair cosúil leis an Carn Mór, Baile Chláir na Gaillimhe, agus Eanach Dhúin,” a dúirt Ciarán O Tiarnaigh, Oifigeach Pleanála Teanga le Gaeltacht an Eachréidh.

“Ag an am seo Nuair atá na coláistí samhraidh i gConamara agus in Oileáin Árann díolta amach míonna roimh ré, bhí daoine thar a bheith sásta go raibh an ‘Coláiste Chois Trá’ seo againn díreach ar ár gcladach ar thaobh thoir na cathrach. Tá an t-aiseolas atá faighte againn ó na déagóirí agus a dteaghlaigh iontach agus feicimid deiseanna iontacha i bhforbairt na gcúrsaí seo amach anseo.”

 

Thug na hOifigí Pleanála Teanga ón chathair cuairt ar Coláiste Chois Trá an tseachtain seo caite.

Ag ceiliúradh deireadh an céad seachtain ag Gaeilge Chois Trá