Bua iontach do mhná Bhaile Chláir na Gaillimhe

Comhghairdeachas ollmhór le mná Baile Chláir na Gaillimhe a bhuaigh corn sinsear Chomórtas Peile na Gaeltachta amach don dara bliain as a chéile sa chluiche ceannais in aghaidh An Clochán Liath (Co. Dhún na nGall) i nGaeltacht Chontae na Mí.
Ghlac an fhoireann faoi chaptaen Eabha Ní Ríordáin smacht ar an gcluiche ceannais ón tús agus bhí siad chun tosaigh 4-3 in aghaidh 0-2 ag leath ama, a bhuíochas le dhá chúl ó Andrea Trill, a scóráil trí chúl san iomlán i gcluiche ceannais Dé Luain.
Bhí Kate Slevin thar barr ar an ionsaí freisin do fhoireann Ghaeltacht an Eachréidh, a bhuaigh an cluiche 6-13 in aghaidh 4-6 sa deireadh.
Bhí ceiliúradh mór ag deireadh an chluiche agus ba mhór an bród é gur labhair ceathrar de na himreoirí ‘as Gaeilge’ le TG4 díreach i ndiaidh an chluiche. Chraol TG4 an comórtas “beo” ó Rath Cairn an deireadh seachtaine ar fad.
“Tá an bua seo an-tábhachtach dúinn,” a deir Eabha direach tar éis an cluiche ceannais. “Rinneamar obair dhian le chéile agus bhí sé soiléar ar an bpáirc inniu. Léirionn sé go bhfuil muid in ann teacht le chéile agus an jab a dhéanamh Nuair is gá.”
Dúirt Éabha go raibh an deireadh seachtaine i Rath Cairn go hiontach don spiorad foirne agus thug sé muinín do na cailíní don bhliain amach romhainn i gcraobh na Gaillimhe.
Bhronn Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht an Eachréidh, Ciaran Tierney, léinte ar na himreoirí agus ar na hoifigigh roimh an turas go Rath Cairn ar an Aoine seo caite.
“Bhí sé thar barr ceathrar cailíní ón bhfoireann a fheiceáil ag caint Gaeilge chomh hálainn ‘beo’ ar TG4 díreach tar éis an chluiche,” a dúirt Ciarán. “Is iontach an rud é Baile Chláir a fheiceáil ar ais sa chomórtas seo tar éis sos roinnt blianta agus ní hamháin cáilíocht a gcuid peile a léirigh gur fiú dóibh a bheith i Rath Cairn.
“Ba mhór an bród a bhí ann do mhuintir Ghaeltacht an Eachridh iad a fheiceáil ag labhairt na Gaeilge le muinín chomh mór sin i ndiaidh bua chomh geal sin.”
Bhí clubanna ó na seacht gcontae Gaeltachta, chomh maith le clubanna ó Bhaile Átha Cliath agus Aontroim, í láthair ag Comórtas Peile na Gaeltachta bliantúil na bliana seo.
Bunaíodh an comórtas i 1969 leis an aidhm clubanna agus pobail na Gaeilge a thabhairt le chéile le haghaidh deireadh seachtaine peile agus sóisialta. Ba é Clann na nGael i gCo. na Mí an club baile i mbliana agus craoladh na cluichí beo ar TG4 agus Raidio na Gaeltachta.
Bhí ceiliúradh mór in Ostán Baile Chláir nuair a d’fhill an fhoireann abhaile leis an gcorn aréir.