Bogann an ‘Siúlach Scéalach’ go Coill Mhuirlinne

Cuid de na daoine a ghlac páirt sa chéad ‘Siúlach Scéalach’ i gCnoc Dua i mí Aibreáin
Tá grúpa cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge i nGaeltacht an Eachréidh ag bualadh le chéile agus ag siúl le chéile ar feadh uair an chloig gach tráthnóna Dé Céadaoin ó mí Aibreán i leith.
Is é an smaoineamh atá taobh thiar den ‘Siúlach Scéalach’ ná gur féidir le daoine labhairt lena chéile in atmaisféar cáirdeach agus iad ag siúl le chéile. Ní gá a bheith líofa sa Gaeilge le bheith páirteach linn.
Bhuail muid le chéile i mBaile Chláir don chéad mhí, i gCarn Mór don dara mí, agus anois táimid ag tabhairt an ‘Siúlach Scéalach’ chuig suíomh nua an tseachtain seo chugainn.
Tá ócáid speisialta i ndán dúinn ar an Dé Céadaoin seo chugainn nuair a bheidh treoraí turas gairmiúil Hubert Jennings, a fhreastalaíonn ar ár ‘Ciorcal Comhrá’ i Leach Seoirse go rialta, chun muid a thabhairt ar thuras treoraithe den choill uirbeach seo.
Tá eolas fairsing ag Hubert ar Choillte Mheirlinne agus tá sé sásta a shaineolas a roinnt linn ar shiúlóid uair an chloig.
Le ceithre seachtaine anuas, bhuail grúpa álainn le chéile gach seachtain i gCarn Mór – fuaireamar amach gur thóg sé uair an chloig go díreach trí chuairt a dhéanamh ar thailte CLG.
Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sa siúlóid seo i nGaillimh, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá ag daoine, agus is bealach iontach é chun bualadh le daoine, chun an Gaeilge a chleachtadh, agus chun beagán aclaíochta a fháil.
Tá an ‘Siúlach Scéalach’ á eagrú ag Gaeltacht an Eachréidh agus tá fáilte roimh Gaeilgeoiri sa chathair freisin.
Ciallaíonn an seanfhocal “an té a bhíonn siúlach, bíónn scéalach” go mbíonn scéalta le hinsint ag daoine a bhíonn ag taisteal agus spregann an siúlóid uair an chloig seo comhráite suimiúla gach seachtain.
Níl le déanamh ach bualadh linn ag an gcarrchlós ag bealach isteach Ospidéal Pháirc Mhuielinne (Merlin Park Hospital) ag 7.30in ar an Dé Céadaoin seo chugainn, 1 Iúil. Beidh muid díreach taobh istigh de bhealach isteach an ospidéil, in aice leis an sean-mharglann. Eircód H91 N973.
Fáilte roimh chách!

Grianghraif le Johannes Plenio ar Unsplash

Hubert Jennings linn ar turas treoraithe i nGaillimh i 2025.
