Bígi linn ar turas lae go Inis Oirr

Bígi linn le haghaidh turas lae go hInis Oírr, an ceann is lú de na hOileáin Árann, ar an Satharn, Meitheamh 20.
Tá Gaeltacht an Eachridh ag eagrú turas lae ar Inis Oírr, an ceann is lú de na hoileáin áille Árann, do Gaeilgeoirí ó oirthear na Coiribe.
Tar éis dúinn an bád a thógáil ó Ros a’ Mhíl, buailfimid le chéile ag Tigh Ned le haghaidh turas siúil ar an oileán in éineacht leis an oileánaí agus staraí Cathleen Ni Chonghaile (thart ar 11.40rn).
Tá eolas dochreidte ag Cathleen faoin oileán draíochta seo agus a oidhreacht – tá léarscáil foilsithe aici de gach logainm ar Inis Oírr.
Tar éis idir 90 nóiméad agus dhá uair an chloig i gcuideachta Cathleen, buailfimid ansin leis an bhfear as Kentucky atá ag borradh na Gaeilge ar an oileán, áit a bhfuil daonra de thart ar 300.
Is é Davis Sandefer, as Kentucky sna Stáit Aontaithe, an tOifigeach Pleanála Teanga ar an oileán. Beidh comhrá againn le Davis ar feadh 20 nóiméad nó mar sin faoina chuid oibre agus an paisean atá aige don teanga.
Beidh am saor ag daoine ansin roimh filleadh ar ais ar an mórthir.
Tá an turas seo saor in aisce do mhuintir Ghaeltacht an Eachréidh, ach caithfidh tú d’iompar féin a shocrú chuig an oileán. Beidh daoine ag taisteal ar an mbád ó Ros an Mhíl ag a 10.30rn agus is féidir bus a thógáil as lár na cathrach freisin.
Fágann bád Farantóireachta Oileán Árann an t-oileán arís ag 4.30in.
Cuir ticéad SAOR IN AISCE in áirithe don turas siúil anseo ar ár leathnach Eventbrite, mar go bhfuil spásanna teoranta: https://www.eventbrite.com/e/turas-go-dti-inis-oirr-tickets-1990569023534
Cuir do thicéad báid (agus bus) in áirithe ag https://www.aranislandferries.com/ nó glaoigh orthu ag (091) 568903, go háirithe má tá taisteal saor in aisce agat.
Tá bus as lár na cathrach ag Árann Island Ferries a nascann leis an mbád farantóireachta go hInis Oírr, ag fágail ag 9.30rn.
Freisin, is féidir bád a thógáil as Co. an Clár le Doolin Ferry Co: https://doolinferry.com/

