Bígí linn ag Óstán na nÁirsí

Ar fud na tíre, tá níos mó agus níos mó daoine ag glacadh páirte i ‘Chiorcail Chomhrá’ a ligeann dóibh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú i suíomh cairdiúil agus fáilteach.

Ag deireadh mhí Feabhra 2025, chuireamar tús le ‘Ciorcal Comhrá’ nua in Óstán na nÁirsí i mBaile Chláir a mheall meascán álainn daoine le beagnach bliain anuas.

Más é ceann de do rún do 2026 do chuid Gaeilge a chleachtadh nó a fheabhsú, cén fáth nach dtabharfá cuairt orainn tráthnóna Déardaoin?

Tá an-rath ar ár ‘Ciorcal Comhrá’ seachtainiúil ag Na hÁirsí ó reáchtálamar ár gcéad ‘Pop Up Gaeltacht’ ann, ar fhreastail 40 duine air, ag deireadh mhí Feabhra.

Gach oíche Déardaoin, buaileann Gaeilgeoirí le chéile san óstán – áit a bhfuil naisc láidre teaghlaigh acu leis an nGaeilge sa cheantar Gaeltachta seo do na glúnta – le haghaidh uair an chloig comhrá ag 8in.

Fillfidh an ciorcal comhrá ar Óstán na nÁirsí an Déardaoin seo ag 8pm, tar éis shos na Nollag.

“Go dtí gur chuireamar tús leis an gCiorcal Comhrá seo in Óstán na nÁirsí, ní raibh mé cinnte fiú go raibh fonn ag daoine chun an Ghaeilge a athbheochan timpeall Ghaeltacht an Eachréidh,” a deir Ciaran O Tiarnaigh, Oifigeach Pleanála Teanga Gaeltacht an Eachréidh.

“Bhí mé thar a bheith sásta nuair a tháinig 40 duine don chéad ‘Pop Up Gaeltacht’ sin ag deireadh mhí Feabhra. Bhí atmaisféar chomh sona sa seomra an oiche sin agus bhí daoine thar a bheith sásta an deis a fháil Gaeilge a labhairt i suíomh sóisialta fáilteach. Tá go leor de na daoine sin ag teacht chuig an óstán gach seachtain anois chun Gaeilge a labhairt agus craic a bheith acu linn.”

Tá fáilte roimh chách.