Bás Seán Ó Murchadha
Bás Seán Ó Murchadha
Ceann de na rudaí is taitneamhaí faoin bpleanáil teanga i nGaeltacht an Eachréidh ná an deis atá againn bualadh le cuid dár gcainteoirí dúchais a choinnigh an Ghaeilge beo ar bhruach thoir na Coiribe ar feadh na mblianta.
An deireadh seachtaine seo, bhí an-bhrón orainn cloisteáil faoi bhás Sean O Murchadha, as An Chreig Dhubh, Cor an Dola, a bhí i measc na gcéad daoine a chuir muid faoi agallamh don Tionscadal lenár Cainteoirí Dúchais anuraidh.
Bhí Seán (96) sásta a bheith faoi agallamh ag Alanagh Ni Ghriofa agus Ciarán O Tiarnaigh le haghaidh ár dTionscadal Cainteoirí Dúchais an t-am seo anuraidh. Agus bhí an-áthas orainn, ainneoin a dhrochshláinte, nuair a bhí sé in ann taisteal go dtí an Menlo Park Hotel le ceiliúradh a dhéanamh ar chríochnú an tionscadail i mí Dheireadh Fómhair.
Ag an ócáid sin, bhí an-áthas orainn grianghraf a ghlacadh de John agus a chara Tom Concannon (97), as Eanach Dhúin freisin, fear eile a raibh scéalta iontacha aige faoi fhás aníos ‘as Gaeilge’ i nGaeltacht an Eachréidh. Chuirfeadh Seán agus Tom glaoch ar a chéile go rialta chun taitneamh a bhaint as comhrá i nGaeilge.
Fear a bhi paiseanta faoin nGaeilge, bhí Seán i gcónaí ag meabhrú do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt ó thuaidh agus in oirthear Chathair na Gaillimhe.
D’fhoilsigh sé leabhar iontach dátheangach, By Corrib, Clare and Cregg (2009), chomh maith le hagallaimh rialta a dhéanamh do Raidio na Gaeltachta, ag breathnú siar ar a shaol fada ag tiomáint trucailí ar fud na hÉireann.
Suaimhneas síoraí do Sheán uasal.