Baile Chláir na Gaillimhe ar an raidio inniu

An ciorcal comhrá ag The Arches ar an Déardaoin seo caite.
Buíochas leis an bhfoireann ag ‘Inis Aniar’ ar Raidio na Gaeltachta as craoladh deich nóiméad ón gCiorcal Comhrá seachtainiúil atá againn ag The Arches Holel i mBaile Chláir ar maidin inniu.
Tháinig an tuairisceoir Marcus Mac Conghail go dtí The Arches oíche Déardaoin seo caite agus labhair sé le cuid de na daoine a bhí i láthair faoin lúcháir atá gceist teacht le chéile uair sa tseachtain le taitneamh a bhaint as comhrá i nGaeilge.
Dúirt duine de na rannpháirtithe, Padraig Ó Conaola as Inis Oirr, leis go gcodlaíonn sé níos fearr tar éis dó Gaeilge a labhairt!
Labhair ball dár gcoiste, Micheal O Monachain, le Marcus faoi iarrachtaí chun an Ghaeilge a athbheochan sa cheantar trí phlean teanga.
Dúirt sé go raibh an Ghaeilge á labhairt go forleathan i mBaile Chláir, in Eanach Dhúin, agus sa Charn Mór go dtí le déanaí.
Míle buíochas le gach duine atá ag teacht chuig ár ‘Ciorcal Comhrá’ in Óstán an Arches I mBaile Chláir gach oíche Déardaoin. Bíonn atmaisféar iontach ann gach seachtain.
Beidh muid ar ais san Arches arís ar an Déardaoin (8 go 9in).
Is féidir éisteacht siar leis an mír ó Bhaile Chláir anseo: https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/22511966/

