Athbheochan na Gaeilge ar oirthear na Coiribe

Le cúpla seachtain anuas, d’eagraigh Gaeltacht an Eachreidh turais thaitneamhacha go Conamara, go hOileáin Árann agus go láithreáin in oirthear na Gaillimhe a bhí bainteach le hÉirí Amach na Cásca 1916.
Ba mhór an sásamh é an oiread sin spéise a fheiceáil i dturais inár dteanga dhúchais.
Ó mhí Aibreáin i leith, táimid ag bualadh le chéile ar an gCarn Mór, i mBaile Chláir agus i nEanach Dúin tráthnónta Dé Céadaoin chun siúl agus comhrá a dhéanamh le chéile ‘as Gaeilge’ mar páirt den ‘Siúlach Scéalach’.
Faoi láthair, tá ceathrar déagóirí as Baile Chláir agus as Eanach Dúin ag baint taitnimh as turais láníoctha chuig an gcoláiste samhraidh ar Inis Oírr, i nOileáin Árann.
Ag an am céanna, an raibh a fhios agat nach labhraíonn ach 2.9 faoin gcéad de mhuintir Ghaeltacht an Eachréidh ár dteanga dhúchais gach lá, as daonra de bhreis is 8,000 duine?
Agus ní chloiseann 85% de na déagóirí sa cheantar an Gaeilge á labhairt lasmuigh den seomra ranga.
Beidh sé ina dhúshlán an Gaeilge a athbheochan anseo, ach braithimid freisin go bhfuil sé tábhachtach nach gcaillfimid ár dteanga féin.
De réir suirbhé in 2019, tá 76.5% de na daoine atá ina gcónaí sa Limistéar Pleanála Teanga (Baile Chláir, Eanach Dhún, agus An Carn Mór) an-bhródúil as oidhreacht na Gaeilge sa cheantar agus mothaíonn siad go bhfuil sé tábhachtach í a choinneáil.
Níl ionainn ach coiste beag – ach tá éirithe linn ciorcail chomhrá nua a oscailt, imeachtaí a eagrú do dhaoine fásta, do dhéagóirí agus do pháistí, agus ranganna nua Gaeilge a reáchtáil i mBaile Chláir.
Ní féidir linn an teanga a athbheochan gan tacaíocht an phobail.
Mar sin, bain úsáid as an gcód QR thíos le do thoil chun clárú dár nuachtlitir mhíosúil.
Foileofar an chéad cheann eile i lár mhí Lúnasa, ós rud é go bhfuil ár nOifigeach Pleanála Teanga ar saoire go dtí an 10 Lúnasa.

Turas go Conamara le Sean O Coistealbha

An ‘Siúlach Scéalach’ in Eanach Dhúin le déanaí.

An cód QR dár nuachtlitir mhíosúil. Cláraigh le do thoil!

An ‘Siúlach Scéalach’ in Eanach Dhúin

Muintir an Eachréidh ar turas go hInis Oirr.