Ag fiosrú an éirí amach i nGaillimh

D’fhoghlaim Gaeilgeoirí ó Ghaeltacht an Eachréidh faoi scéal Éirí Amach na Cásca i gContae na Gaillimhe le linn turas bus iontach leathlae in éineacht lenár dtreoraí, Jim Ward, ar an Satharn seo caite.
Thug an turas bus ceithre huaire go leith seo, a d’eagraigh Gaeltacht an Eachréidh, cuairt ar na láithreacha inar iompair Liam O Maoilíosa na céadta saorálaithe ó Chontae na Gaillimhe san éirí amach ba shuntasí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1916.
Ghlac seanathair Jim páirt in Éirí Amach na Cásca 1916 in oirthear na Gaillimhe, agus roinn sé an t-eolas fairsing a bhí aige ar imeachtaí na linne linn le linn turais chuig seacht suíomh in oirthear an chontae.
Tugann Jim turasóirí timpeall na hÉireann i rith na bliana, ach bhain sé taitneamh as scéalta 1916 a roinnt ina theanga dhúchais ar an Satharn.
Tháinig thart ar 600 fear le chéile in oirthear Chontae na Gaillimhe ar feadh cúpla lá i mí Aibreáin na bliana sin, agus chuireamar tús lenár dturas ag an suíomh tuaithe gar do Chreachmhaoil, áit ar tháinig siad le chéile ar maidin Dé Máirt na Cásca, an 25 Aibreán.
Ansin shiúil siad go Droichead a’ Chláirín, áit ar chuir siad léigear ar bheairic an Royal Irish Constabulary (RIC) i lár an tsráidbhaile.
Dúirt Jim go raibh an éirí amach dírithe ar cheantar tuaithe Oirthear na Gaillimhe, ós rud é go raibh an chathair tar éis fanacht dílis do John Redmond agus don Pháirtí Parlaiminteach Éireannach.
Thug Jim cur síos ar na himeachtaí foréigneacha a tharla I 1916 I nGaillimh, lena n-áirítear seilbh a ghlacadh ar Choláiste Talmhaíochta Bhaile Átha an Rí, áit a d’úsáid na saorálaithe mar phríomhbhunáit acu.
Labhair sé faoin mearbhall a bhain leis an éirí amach tar éis an ‘Aud’ a urghabháil amach ó chósta Chiarraí ar Aoine an Chéasta. Bhí 3,000 gunna ar bord a bhí beartaithe do reibiliúnaigh Chontae na Gaillimhe.
Labhair sé faoi na daoine a bhí i gcoinne an Éirí Amach i nGaillimh toisc go raibh an tuairim acu nach raibh dóthain gunnaí acu.
Ní raibh plean soiléir ag na réabhlóidithe agus bhí siad an-lag ó thaobh armtha de. Mar sin féin, labhair Jim faoin tacaíocht a fuair siad ó mhuintir Chontae na Gaillimhe sula scaip siad — de bharr ganntanas mór arm agus lóin lámhaigh — Dé Sathairn, an 29 Aibreán.
Chuir sagart báúil, an tAthair Fahy, ina luí ar O Maoiliosa agus ar a chuid fear go gcuirfidís a gcuid arm uathu tar éis do long chogaidh de chuid na Breataine, a raibh 200 ‘Royal Marines’ ar bord, teacht i dtír i mBá na Gaillimhe.
D’éalaigh O Maoiliosa ina dhiadh sin agus d’inis Jim dúinn gur ghléas sé mar bhean rialta sula ndeachaigh sé ar bord báid go Meiriceá, chun éalú ó na fórsaí Briotanacha.
Cuireadh tús lenár dturas ag Ostán The Arches I mBaile Chláir, agus spreag Jim comhráite an-suimiúla faoi streachailt na hÉireann ar son na neamhspleáchais agus faoi chomh deacair is a bhí an saol in Oirthear na Gaillimhe sa bhliain 1916.




