Aoi speisialta ar ais ar scoil

Thug aoi an-speisialta cuairt ar Choláiste Bhaile Chláir inniu nuair a bhronn Séamus O’Connell, duine dár gcainteoirí dúchais, duaiseanna ar dhaltaí as comórtas scríbhneoireachta a reáchtáil an scoil i gcomhpháirtíocht le Gaeltacht an Eachréidh do Sheachtain na Gaeilge.

Tháinig daltaí ón gcéad bhliain agus ón gcúigiú bliain le chéile chun Seamus a chloisteáil ag labhairt faoine óige i detach lán Ghaeilge i mBaile Chláir sna 1950idí, agus na hathruithe a chonaic sé i leith na Gaeilge le himeacht na mblianta. Tá daoine i bhfad níos bródúil as ár dteanga dhúchais anois ná mar a bhí siad nuair a bhí sé óg, a dúirt Seamus.

Ní raibh a fhios ag go leor de na daltaí go raibh an Ghaeilge á labhairt go forleathan timpeall Baile Chláir agus Carn Mór go dtí le gairid.

Scríobh na daltaí ón cúigiú bhlian a gcuid aistí nó blaganna tar éis féachaint ar agallamh a thaifead Gaeltacht an Eachréidh le Seamus anuraidh do Thionscadal na gCainteoirí Dúchais: https://youtu.be/_jEH4Hk2Nig

Comhghairdeachas le Lucy Hounkponou (€50) agus Abbi McGrath (€25) ón gcúigiú bliain, agus mic léinn na chéad bhliana Ashlyn Keating (€50) agus Isobel Carroll (€25), ar bronnadh dearbháin All 4 One urraithe ag Gaeltacht an Eachréidh orthu ar maidin.