An tirdhreach timpeall orainn

Grianghraf de Bhaile Chláir le Paul Fennell

Beidh an file agus staraí mór le rá as An Spidéal, Sean O Coistealbha, mar aoi speisialta ag ár gCiorcal Comhrá maidin Dé hAoine i Leacht Seoirse an tseachtain seo (Dé hAoine, 22 Bealtaine, 10.30rn).
Tá Seán tar éis camchuairt a dhéanamh ar Iarthar na hÉireann leis an seandálaí Michael Gibbons agus tá suim mhór aige san oidhreacht, sa chultúr, agus ár dteanga dhúchais, chomh maith leis an nasc láidir idir lagainmneacha agus an tirdreach timpeall orainn.
Tá sé ag teacht chuig Léacht Seoirse chun labhairt faoin gcaoi ar cheangail na hainmneacha Gaeilge a bhí ag ár sinsea rar chlocha, cnoic agus sléibhte leis an dúlra agus leis an tírdhreach mórthimpeall orainn.
Tá sé paiseanta faoi ár dteanga dhúchais a choinneáil beo agus creideann sé go gceanglaíonn sí muintir na hÉireann leis an tírdhreach mórthimpeall orainn ar bhealach nárbh fhéidir leis an mBéarla riamh.
Tá Seán ag tnúth le caint idirghníomhach uair an chloig a thabhairt ‘as Gaeilge’ lenár gCiorcal Comhrá seachtainiúil agus tá fonn air labhairt le muintir oirthear na Coiribe faoi na logainmneacha mórthimpeall orainn chomh maith.
Rugadh agus togadh i nGaeltacht Chonamara é. Rinne sé ceim i nGaeilge agus stair i gcolaiste na hOllscoile Gaillimhe agus ard Teastais san Oideachais.
Thaisteal sé agus doibrigh me sa tSealann Nua, an Astrail agus Meiricea ar feadh cúig bhliana. Bhi sé ag obair le Muintearas go dti Eanair 2023.
Tá an chaint uair an chloig seo in ionad ár ngnáth-Chiorcal Comhrá in Ionad CLG na Gaillimhe i Leacht Seoirse.
Tá cead isteach saor in aisce agus tá fáilte roimh chách.