An bhfuil suim agat sa drámaíocht?

 

Tá cuireadh á thabhairt do phobal na Gailllimhe agus an ceantar máguaird, Gaeltacht an Eachréidh san áireamch, a bheith i láthair ag cruinniú poiblí in Áras na nGael i gCathair na Gaillimhe ar an 18 Meitheamh (7in). Is é cuspóir an chruinnithe fáil amach an bhfuil an spéis agus an tiomántas ann chun tús a chur le cumann drámaíochta amaitéirí  Gaeilge do dhaoine fásta sa chathair.

Tá an cruinniú á eagrú ag Gael Forbairt na Gaillimhe (Áras na nGael) agus na trí eagraíochtaí pleanala teanga i bhfoisceacht na cathrach: Gaeilge ABC, An Bruach Thoir agus Gaeltacht an Eachréidh. Thograigh na heagraíochta comhoibriú le chéile agus an cruinniú a eagrú mar fhreagairt ar éileamh a fuair siad ón bpobal.

“Tá traidisiún láidir drámaíochta Gaeilge sa chathair agus léirigh go leor daoine speís a bheith páirteach i gcumann drámaíochta,” a deir Micheál Mac Aoidh, Oifigeach Forbartha le Gael Forbairt na Gaillimhe.

“Creideann muid go bhfuil deis ann tús a chur le cumann drámaíochta sa chathair, leis an gcruinniú poiblí seo agus feicfidh muid an bhfuil sin amhlaidh”.

Is é an t-aisteoir agus léiritheoir ildánach, Seamus Hughes (TG4, An Taibhdhearc) a bheidh ag stiúradh an phróisis.

Tá fáilte roimh chuile dhuine ag an gcruinniú agus deir an lucht eagraithe nach bhfuil gá go mbeidh taithí drámaíochta ag na rannpháirtithe. Tá go leor rólanna arbh fhéidir glacadh leo, ar an stáitse nó ar chúl stáitse: léiritheoir, aisteoir, cultacha, soilse, bainisteoir stáitse, fuaim, poiblíocht, smidiú, tógáil seite, dearthóirí, cúnamh ginearálta, cúntóirí stáitse agus go leor eile.

Tá fáilte ar leith roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge chuig an gcruinniú poiblí seo chomh maith le daoine atá ina gcónaí i gceantair taobh amuigh de Chathair na Gaillimhe.

Cuirfear fáilt mhór roimh Ghaeilgeoiri agus foghalimeoirí ón gCarn Mór, Baile Chláir na Gaillimhe, agus Eanach Dhúin ag an gcruinniú.