Aíonna speisialta i Leacht Seoirse

Bhí cuairteoir an-speisialta ag an ‘gCiorcal Comhrá’ seachtainiúil i Leacht Seoirse maidin Dé hAoine, nuair a labhair an t-údar mór le rá Gearóid Willie Ó Fátharta ar feadh uair an chloig faoina shaol fíor suimúil, go háraithe na blianta fada a chaith sé ag obair mar shagart oirnithe de chuid Ord na gColámbanach i Meiriceá Theas.

Chaith sé saol lán ag freastal ar dhaoine imeallacha sa Bhrasaíl agus sa tSile, agus labhair sé go hionraic ar fad faoina chuid eispéiris agus faoi na héagóracha a chonaic sé.

Is gníomhaí pobail Ghaelaigh, iar-shagart, agus údar é Gearóid Willie, a ainmníodh le déanaí do ghradam Leabhar na Gaeilge 2026 do ‘Mo Scéal Fhéin’ agus bhí scéalta iontacha aige faoina shaol mar shagart agus faoi na hathruithe ina shaol nuair a d’fhill sé ar Éirinn mar fhear pósta.

Beidh Gearoid ina chuairteoir rialta go Baile Chláir gan mhoill. Beidh sé ag teacht go dtí Ostán na nAirsi, ag tosú ar an 1 Deireadh Fómhair, le dhá chiorcal comhrá a theorú gach Déardaoin.

Beidh an chéad uair an chloig dírithe ar fhoghlaimeoirí (7–8 i.n.) agus beidh an dara huair do dhaoine atá b’fhéidir níos compordaí ag labhairt na Gaeilge (8–9 i.n.).

Tá aoi speisialta eile le cuairt a thabhairt ar an ‘gCiorcal Comhrá’ maidin Dé hAoine ag Ionad CLG na Gaillimhe i Leacht Seoirse an Aoine seo, an 25 Meán Fómhair, ag 10.30 r.n.

Labhróidh an dealbhóir Cathal McCarthy as Contae Mhaigh Eo faoi ‘Unfurl’, an dealbh trí mhéadar ar airde atá beartaithe do lár shráidbhaile Bhaile Chláir.

Tá cead isteach saor in aisce.