Aionna speisialta ag an gCiorcal Comhrá

Bhí aíonna fíor speisialta againn ag an gCiorcal Comhrá seachtainiúil i Leacht Seoirse maidin Dé hAoine nuair a thug baill d’fhoireann Pheil na mBan CLG Bhaile Chláir cuairt orainn roimh a dturas go Cill Chartha, Co Dhún na nGall, do Chomórtas Peile na Gaeltachta.
Ba iad mná Bhaile Chláir na seaimpíní reatha sinsearacha tar éis dóibh an teideal a bhuachan i nGaeltacht Chontae na Mí anuraidh ach bhí díoma urthu ar an Luan nuair a chaill siad an cluiche ceannais i gcoinne An Tearmann (Dún nan Gall).
Bhronn ár nOifigeach Pleanála Teanga, Ciarán O Tiarnaigh, léinte speisialta don ócáid ar chaptaen na foirne Ciara Ní Chearnaigh agus ar bhaill den phainéal agus an bhainistíocht.
Bhí áthas an domhain ar bhaill ár gCiorcal Comhra labhairt leis na cailíní faoin gcluiche ceannais agus an sár obair a chuireann siad isteach ar an bpainéal sinsearach.
Chuir cúl iontach ó Ciara Ni Ghairbheith sa 63ú nóiméad deireadh leis an gcluiche do An Tearmann agus bhuaigh na mná as Dún na nGall san cluiche ceannais le scór 1-10 in aghaidh 0-10 i gcluiche a bhí “beo” ar TG4.
Cé go raibh díomá ar chailíní Bhaile Chláir an teideal náisiúnta a chailleadh, bhí deireadh seachtaine iontach acu i nGaeltacht Dhún na nGall agus bhí sé iontach go raibh Gaeltacht an Eachréidh, ceann de na ceanntair Gaeltachta is laige sa tír, a fheiceáil ag déanamh ionadaíochta ar an gcomórtas seo arís i mbliana.
Ba í Cait Ní Shleibhín príomhscórálaí na gcailíní ó Ghaillimh, ach theip orthu an lámh in uachtar a fháil nuair a bhí tacaíocht na gaoithe láidre acu sa chéad leath.
Ar an Aoine, bhronn ár nOifigeach Pleanála Teanga, Ciarán O Tiarnaigh, sraith léinte ar chaptaen na foirne Ciara Ní Chearnaigh agus ar bhaill den phainéal chun an ócáid a cheiliúradh.
D’fhan beirt de na himreoirí agus Gerry Moran le caint leis an ‘Ciorcal Comhrá’ ar feadh uair an chloig i ndiaidh an chur i láthair agus labhair siad faoi ullmhúcháin na foirne agus an obair chrua a chuireann siad isteach mar pheileadóirí sinsearacha i mBaile Chláir.
Thug Ciarán sraith frásaí úsáideacha i nGaeilge do na cailíní chomh maith, agus gheall Gearóid go ndéanfaidís staidéar géar orthu ar an turas bus go Cill Chartha.
Leanfaidh an ‘Ciorcal Comhrá’ i Leacht Seoirse ar aghaidh maidin Dé hAoine (10.30 go 11.30am) go dtí deireadh mhí an Mheithimh agus tá fáilte roimh chách.
Ní gá duit a bheith líofa sa teanga le bheith páirteach.



