Ag tógáil sos don samhradh

Bhain na daoine a fhreastalaíonn ar an ‘Ciorcal Comhrá’ gach Dé hAoine i Leacht Seoirse taitneamh as bricfeasta in Óstán na nÁirsí i mBaile Chláir an tseachtain seo caite chun tús a laethanta saoire samhraidh a cheiliúradh.
Tá an grúpa iontach seo ag bualadh le chéile maidin Dé hAoine le deich mbliana anuas agus tá siad ag baint úsáide as Ionad Oiliúna CLG na Gaillimhe i Leacht Seoirse gach seachtain le trí bliana anuas (10.30 go 11.30rn).
Shocraigh siad bricfeasta a ithe in Óstán na nÁirsí, áit a bhfuil nasc láidir leis an nGaeilge, sula nglacann siad sos le haghaidh mhí Iúil agus Lúnasa.
Bhí slua iontach i láthair ag an mbricfeasta, atá mar ócáid bhliantúil anois, agus bhí an tseirbhís den scoth in Óstán na nÁirsí, áit a bhfuil ranganna Gaeilge do dhaoine fásta (Dé Máirt) agus ‘Ciorcal Comhrá’ (Déaradaoin) i rith an gheimhridh ar feadh níos mó ná bliain anuas.
Meallann an ciorcal comhrá Gaeilge meascán iontach de Gaeilgeoirí, idir chainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí, i rith na bliana. Tógadh cuid acu i dteaghlaigh lán-Ghaeilge i mBaile Chláir agus bhog cuid eile go dtí an ceantar le blianta beaga anuas.
Agus is múinteoirí ar scor iad cuid acu a bhfuil Gaeilge an mhaith acu freisin, ach fáiltíonn siad roimh dhaoine de gach cumas agus aoisghrúpa atá saor maidin Dé hAoine.
Tugtar cuireadh d’aon duine le spéis inár dteanga freastal ag Gaeilge a labhairt ar maidin Dé hAoine nuair a fhillfimid ar Leacht Seoirse i mí Mheán Fómhair.
Mar bhuíochas le CLG na Gaillimhe as an ionad a chur ar fáil dár gCiorcal Comhrá i Leacht Seoirse le trí bliana anuas, tá cuid den chostas clúdaithe ag Gaeltacht an Eachréidh chun comharthaí áille Gaeilge a phéinteáil agus dathanna a chur i bhfeidhm ag an mbealach isteach.
Is iontach an rud é nios mó Gaeilge a fheiceáil ag an ionad oiliúna, a úsáideann foirne CLG idirchontae na Gaillimhe go léir I rith na mbliana.
Tá sos glactha don samhradh cheana féin ag an dá Chiorcal Comhrá eile sa cheantar, ag Regan’s i gCluain Bú ar oícheanta Luain agus Óstán na nÁirsí ar an Déardaoin.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi chiorcail chomhrá sa cheantar, nó chun clárú dár nuachtlitir sheachtainiúil, seol ríomhphost chuig Ciarán ag optanteachreidh@gmail.com




