Ag tabhairt faoin dúshlán cartúin

Ag obair ar chartúin i nGaeilge in Eanach Dhúin ar maidin

 

Bhí an-craic i gColáiste Baile Chláir agus i Scoil Náisiúnta Eanach Dhúin araon ar maidin nuair a thug ceann de na cartúnaithe is mó le rá in Éirinn, Caoimhe Lavelle, cuairt ar na scoileanna i gcomhar le Féile Cartún na Gaillimhe.

Tháinig Caoimhe, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, go Gaeltacht an Eachréidh chun dhá cheardlann cartún 90 nóiméad ‘as Gaeilge’ a réachtáil sa dá scoil.

Seo í an tríú bliain a chaith Caoimhe ag obair linn i mBaile Chláir agus an chéad bhliain dí cuairt a thabhairt ar bhunscoil sa cheantar le haghaidh ceardlann cartúin i nGaeilge.

Is bealach iontach iad na ceardlanna scoile seo chun cartúin a thabhairt amach sa phobal, dar leis an bhféile iontach seo atá naoi mbliana ar an bhfód i 2025.

Chuir Caoimhe, a bhfuil cartúin Ghaeilge ar taispeáint aici le linn na féile, tús leis an mhaidin le grúpa céadbhliana i gColáiste Baile Chlair.

Thug sí dúshlán dóibh cartúin dá gcuid féin a léiriú ar théama Oíche Shamhna faoi Aoine na seachtaine seo chugainn.

Roghnófar triúr buaiteoirí, ní gá gurb iad na cartúin is fearr ach iad siúd a léirigh an samhlaíocht is mó nó a chuir an iarracht is mó isteach ina gcartúin.

Is ócáid bliaintiúil é an ‘Dúshlán Cartún’ do Ghaeltacht an Eachréidh anois agus tá na moltóirí ag Féile Cartún na Gaillimhe ag tnúth le na hiontrálacha a fháil i gceann cúpla seachtain. Bronnfar dearbháin ar fiú €100, €50, agus €25 ar na trí bhuaiteoir an mhí seo chugainn.

I ndiaidh na ceardlainne, chuaigh mic léinn Bhaile Chláir in éineacht le Ms Doran agus an tUasal Seoighe ar thuras go lár na cathrach chun cuairt a thabhairt ar chuid de na taispeántais cartún ar an lá deireanach den fhéile.

Thug Caomihe cuairt freisin ar Scoil Náisiúnta Naomh Breandán, Eanach Dhúin, le haghaidh ceardlann le páistí ó rang a cúig agus rang a sé. Léirigh na páistí samhlaíocht iontach agus táimid ag súil go mór le filleadh ar an scoil an bhliain seo chugainn cheana féin.

Míle buiochas a Chaoimhe!

Ag glacadh leis an dúshlán cartúin i mBaile Chláir na Gaillimhe