Ag glacadh leis an dúshlán cartúin i mBaile Chláir

Bhí ócáid áthasach i gColáiste Baile Chláir tráthnóna Dé hAoine seo caite nuair a bronnadh onóir ar chartúnaí óga cumasacha ag searmanas speisialta do mhic léinn na chéad bhliana a ghlac páirt inár nDúshlán Cartún 2025.
Ócáid bhliantúil atá sa ‘Dúshlán Cartún’ a eagraíonn Gaeltacht an Eachréidh agus Féile Cartún na Gaillimhe le chéile chun grá don chartún a chothú i measc na ndaltaí óga trí cheardlanna inár dteanga dhúchais.
Thaistil an t-ealaíontóir Caoimhe Lavelle ó Bhaile Átha Cliath go Baile Chláir chun ceardlann 90 nóiméad a threorú as Gaeilg do na chéad bhliana. Bhain siad taitneamh freisin as turas bus go lár chathair na Gaillimhe chun breathnú ar na cartúin a bhí ar taispeáint le linn na féile.
Thug Caoimhe dúshlán do na daltaí líníochtaí dá gcuid féin a chumadh laistigh de choicís agus bhí na heagraithe thar a bheith sásta leis an gcaighdeán i mbliana.
Chuaigh an chéad duais chuig Amber Sweeney, a chruthaigh leabhar scéalta iontach a thóg uaireanta le cur le chéile. Bhuaigh Amber dearbhán €100 do Cregal Art i mBaile Bán sa chathair agus tá a leabhrán álainn ar taispeáint sa scoil anois.
Chuaigh an dara duais chuig Zakaria Iskizzi, a tharraing scéal inspioráideach, croíúil faoi iasc uaigneach a aimsíonn cara nua agus a athraíonn a dhearcadh ar an saol. Bhuaigh Zakaria dearbhán €50 do shiopa leabhar Charlie Byrne.
Sa tríú háit bhí Keira Duffy. Rinne Keira sraith álainn, ildaite cartún ar an téama ‘Oíche Shamhna’. Bhuaigh Keira dearbhán €25 ó Powell’s sa chathair freisin. Bhi na duaiseanna ar fad urraithe ag Gaeltacht an Eachréidh, mar tá sé mar aidhm againn an Gaeilge a athbheochan in Eanach Dhúin, Carn Mór, agus Baile Chláir.
Roghnaigh an breitheamh, Margaret Nolan, triúr mac léinn le haghaidh lua speisialta. Dúirt sí go mbeadh duaiseanna buaite ag Conor Rafferty, Aodán Ó Mainnin, agus Evan Richie aon bliain eile mar go raibh an caighdeán chomh hard sin i mbliana.
Seo í an tríú bliain do Ghaeltacht an Eachréidh dul i gcomhpháirtíocht le Féile Cartún na Gaillimhe agus Coláiste Baile Chláir ar bhuaicphointe bliantúil do dhaltaí na chéad bhliana a roghnaíonn ábhair bhreise a dhéanamh i nGaeilge.


