Ag ceiliúradh ár lá náisiúnta

Tháinig slua iontach le chéile chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh ag an bhféile i mBaile Chláir inné– agus bhí neart Gaeilgeoirí i measc an slua ollmhór!
Tháinig Naomh Pádraig leis na Gardaí chun an fhéile a oscailt ag 12 meán lae agus bhaineamar taitneamh as beagnach ceithre huaire an chloig de spraoi, ceol, amhránaíocht, agus damhsa i lár an tsráidbhaile.
Ba é seo an dara fhéile Lá Fhéile Pádraig i mBaile Chláir as a chéile agus chosain na pubaill sinn ón mbáisteach.
Bhí sé thar cionn bualadh leis an oiread sin daoine, idir óg agus aosta, agus a chloisteáil go raibh suim acu sa Ghaeilge arís i mbliana.
Bhualamar le go loer cainteoirí dúchas as Baile Chláir agus Éanach Dhún, agus léirigh go leor daoine fásta spéis I ranganna agus imeachtaí as Gaeilge. Bhi deis acu clárú dár nuachtlitir ar an lá.
Bhí ár seastán ina stad fíor tábhachtach freisin do pháistí a bhí ag glacadh páirte sa tóraíocht taisce a thug timpeall ar an bhféile iad i rith an tráthnóna.
Buíochas le Margaret Monaghan agus Patsy Cahalan, a bhí Seanfhocal an Lae acu do gach duine.
Ba é “Bíonn gach sean nua agus gach nua sean” an seanfhocal a bhí ag Margaret dúinn le haghadih Lá Le Pádraig!
Thug an tAire Oideachais, Hildegarde Naughton, cuairt orainn freisin – is dócha gurbh í Hildegarde an t-aon Aire Rialtais a bhí fágtha in Éirinn inné!
Mile buíochas leis na hoibrithe deonacha ó na ‘Ciorcail Comhrá’ i Leacht Seoirse agus Ostán The Arches a chuidigh linn ag an seastán eolais I rith an lae.
Táimid ag súil le bualadh le cuid agaibh arís ag ár gCiorcal Comhrá in Óstán an Arches tráthnóna amárach (8 go 9pm).
Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh uilig!








