Loading Events
  • Tá an imeacht seo tar éis tarlú cheana féin.

Turas go hInis Meáin

Meán Fómhair 26 @ 10:30 am - 4:30 pm Saor in aisce

Bígi linn le haghaidh turas lae go hInis Meáin, an ceann is síochánta de Oileáin Árann, ag deireadh na míosa.

Tar éis dúinn an bád a thógáil ó Ros a’ Mhíl, buailfimid le chéile ag an gcéibh thar tar 11.15rn le haghaidh turas ar an oileán in éineacht leis an scríbhneoir, múinteoir, agus bean óg a bhfuil dúil mhór aici sa dúlra, Aedin Ní Thiarnagh.Scríobhann Aedín colún álainn gach seachtain i Seachtain san *Irish Independent* faoin saol ar an oileán beag agus faoina grá don Ghaeilge. Is breá le Aedin daoine a threorú timpeall an oileáin.

Tá an turas seo saor in aisce do mhuintir Ghaeltacht an Eachréidh, ach caithfidh tú d’iompar féin a shocrú chuig an oileán. Beidh daoine ag taisteal ar an mbád ó Ros an Mhíl ag a 10.30rn agus is féidir bus a thógáil as lár na cathrach freisin.

Freisin, tá spásanna teoranta – ní féidir linn freastal ach ar 18 duine ar an turas seo. Tá ticéid ar fáil ar ár leathanach Eventbrite ón lá inniu. Caithfidh clárú don turas seo roimh ré, cé nach bhfuil aon táille ar an siúlóid treoraithe.

Ionad

Inis Meáin
Aran Islands, Galway Ireland + Google Map