- Tá an imeacht seo tar éis tarlú cheana féin.
Ciorcal Comhrá Leacht Seoirse
Meán Fómhair 25 @ 10:30 am - 11:30 am
Saor in aisce

Tá aoi speisialta le cuairt a thabhairt ar an ‘gCiorcal Comhrá’ maidin Dé hAoine ag Ionad CLG na Gaillimhe i Leacht Seoirse ar an Aoine beag seo, an 25 Meán Fómhair, ag 10.30 r.n.
Labhróidh an dealbhóir Cathal McCarthy as Contae Mhaigh Eo faoi ‘Unfurl’, an dealbh trí mhéadar ar airde atá beartaithe do lár shráidbhaile Bhaile Chláir.
Tá cead isteach saor in aisce agus fáilte roimh chách.
Beidh cur i láthair ‘as Gaeilge’ ag Cathal agus a chomhghleacaí, atá líofa sa Ghaeilge.

