- Tá an imeacht seo tar éis tarlú cheana féin.
Ciorcal Comhrá Leacht Seoirse

Beidh Gearóid Willie Ó Fatharta, fear as Cois Fharraige a ainmníodh do Gradam Uí Shúilleabháin(Leabhar na Bliana do dhaoine fásta), ina aoi speisialta ag an gCiorcal Comhrá seachtainiúil i Leacht Seoirse maidin Dé hAoine (10.30 – 11.30 r.n.).
Tá fáilte roimh chách.
Chaith Gearóid Willie saol lán ag freastal ar dhaoine imeallacha. Tar éis cuid mhór dá shaol a chaitheamh ag obair mar shagart i Meiriceá Theas – áit ar fhreastail sé ar dhaoine bochta sa tSile agus sa Bhrasaíl – is scríbhneoir mór le rá, gníomhaí pobail Ghaelaigh, iar-shagart misinéireachta de chuid na gColumbánach, agus údar é.
Tá scéalta iontacha aige agus tá sé ag tnúth go mór le bualadh le Gaeilgeoiri Ghaeltacht an Eachréidh Dé hAoine.
Beidh Gearóid Willie linn freisin oícheanta Déardaoin ag Óstán na nÁirsí, ag tosú ar an 2 Deireadh Fómhair, le dhá chiorcal comhrá a theorú.
Ainmníodh Gearoid Willie le déanaí do Leabhar Gaeilge na Bliana do ‘Mo Scéal Fhéin’ agus tá lúcháir orainn fáilte a chur roimhe go Gaeltacht an Eachréidh. Fógrófar buaiteoirí Ghradam Leabhar na Bliana na hÉireann ag searmanas bronnta dámhachtainí Dé Céadaoin, an 30 Meán Fómhair 2026, ag Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh.


