- Tá an imeacht seo tar éis tarlú cheana féin.
Siúlach Scéalach in Eanach Dhúin
Iúil 8 @ 7:30 pm - 8:30 pm
Saor in aisce

Bí linn ag siúl agus ag cleachtadh Gaeilge agus muid ag iniúchadh an chéibh, an eaglais fhothrach, an reilig, agus an tírdhreach iontach timpeall Eanach Dhúin.
Ó mhí Aibreáin i leith, tá grúpa Gaeilgeoirí i nGaeltacht an Eachréidh ag bualadh le chéile agus ag siúl le chéile ar feadh uair an chloig gach tráthnóna Dé Céadaoin (7.30pm).
Tar éis dúinn an ‘Siúlach Scéalach’ a eagrú i gClár na Gaillimhe, i gCarn Mór, agus i bPáirc Mheirlinne, seo ár gcéad siúlóid in Eanach Dhúin.
Buailfimid le chéile sa charrchlós taobh amuigh den Ghaelscoil áitiúil (Eircode H91C963) le haghaidh siúlóid a thógfaidh thart ar uair an chloig.
Ní gá a bheith i do chainteoir líofa le bheith páirteach.


