- Tá an imeacht seo tar éis tarlú cheana féin.
Siúlach Scéalach Coill Mhuirlinne

Tá ócáid speisialta i ndán dúinn ar an ‘Siúlach Scéalach’ ar an Dé Céadaoin beag seo nuair a bheidh treoraí turas gairmiúil Hubert Jennings, a fhreastalaíonn ar ár ‘Ciorcal Comhrá’ i Leach Seoirse go rialta, chun muid a thabhairt ar thuras treoraithe den Choill Mhuirlinne.
Tá eolas fairsing ag Hubert ar Choillte Mheirlinne ar imeall na cathrach agus tá sé sásta a shaineolas a roinnt linn ar shiúlóid éasca uair an chloig.
Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sa siúlóid seo i nGaillimh, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá ag daoine, agus is bealach iontach é chun bualadh le daoine, chun an Gaeilge a chleachtadh, agus chun beagán aclaíochta a fháil.
Níl le déanamh ach bualadh linn ag an gcarrchlós ag bealach isteach Ospidéal Pháirc Mhuielinne (Merlin Park Hospital) ag 7.30in ar an Dé Céadaoin seo chugainn, 1 Iúil. Beidh muid díreach taobh istigh de bhealach isteach an ospidéil, in aice leis an sean-mharglann. Eircód H91 N973.


