Tá sé mar aidhm ag Gaeltacht an Eachréidh úsáid na Gaeilge a “normalú” inár bpobal, le gach aoisghrúpa, agus chuige sin tá ranganna Gaeilge speisialta eagraithe againn lenár naionrai.
Reáchtálann Naíonra Chairn Mhóir agus Naíonra Clúidin na mBabai, i mBaile Chláir, a gcuid gníomhaíochtaí go léir as Gaeilge. Le cabhair ó Ghaeltacht an Eachréidh, tháiniig siad le chéile chun féachaint ar bhealaí inar féidir leo cur le húsáid laethúil na Gaeilge i measc na leanaí réamhscoile.
Tá an múinteoir Máire Uí Dhufaigh ag cabhrú le Cathriona agus Martina lena stór focal Gaeilge agus ag cabhrú leo teacht ar bhealaí chun a “grá” dár dteanga dhúchais a thabhairt do na páistí.