An Cinema Gaelach

Bíonn an-spraoi again nuair a thagann teaghlaigh le chéile la féachaint ar scannán ‘as Gaeilge’ agus taitneamh a bhaint as plé inár dteanga dhúchais ina dhiaidh.

Eagraíonn muid taispeántais saor in aisce agus cruinnithe le chéile ó am go chéile lenár gcairde ar an mBruach Thoir agus i dTuismitheoiri na Gaeltachta.

Is ócáidí sóisialta iontacha iad seo ina mbíonn deis ag teaghlaigh Gaeilge a labhairt. Tá sé oscailte do theaghlaigh i nGaeltacht an Eachreidh (Baile Chláir na Gaillimhe, Eanach Dhúin, agus Carn Mór).