Turais threoraithe

Tá sé mar cheann d’aidhmeanna Ghaeltacht an Eachréidh gníomhaíochtaí taitneamhacha a chur ar fáil do gach aoisghrúpa inár dteanga dhúchais, turais siúlóide do dhaoine fásta san áireamh.

Thug Jim Ward ó Galway Trails turas siúlóide cúpla uair an chloig ‘as Gaeilge’ a rinne iniúchadh ar stair Chathair na Gaillimhe.Thugamar faoi thurais oideachasúla go Conamara freisin agus táimid ag súil le turais taitneamhaí eile a eagrú amach anseo!