- Tá an imeacht seo tar éis tarlú cheana féin.
Sauna le Gaeilge

Bígí linn le haghaidh seisiún 55 nóiméad i sabhna áitiúil i nGaeltacht an Eachréidh agus cleachtaigh do “chúpla focal” ag an am céanna!
Táimid ag tairiscint ráta speisialta lascainithe de €5 an duine do dhaoine ar mhaith leo teacht in éineacht linn ag Folláine Sauna ar Ché Eanach Dhúin ar an Aoine, 2 Deireadh Fómhair.
Seo an dara ‘Sauna le Gaeilge’ in Eanach Dhúin agus díoladh an céad ceann amach go hiomlán!
Tá siúl againn go spreagfaidh an t-imeacht seo daoine teacht le chéile agus an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacs sóisialta. Ní gá go mbeadh líofacht agat chun páirt a ghlacadh, ach ní mór duit iarracht a dhéanamh agus d’áit a chur in áirithe roimh ré.
Ní chosnaíonn áit sa sabhna ach €5 do chainteoirí Gaeilge ar an 2 Deireadh Fómhair (7 go 8in), i gcomparáid leis an ngnáthráta ar €15 an duine.
Tá Folláine Sauna lonnaithe ag Cé Eanach Dúin le trí bliana anuas, agus d’oscail siad sabhna nua ina bhfuil spás do dhá dhuine dhéag dá gcuid custaiméirí le déanaí.
https://www.eventbrite.com/e/sauna-le-gaeilge-tickets-2001234986717


