- Tá an imeacht seo tar éis tarlú cheana féin.
Oiche comhrá agus ceol
Feabhra 2 @ 8:00 pm - 10:30 pm
Saor in aisce

Tá an ciorcal comhrá míosúil ag Tigh Regan, Cluain Bú, ag filleadh ar ais ar an Luan Saoire Bainc seo chugainn, 2 Feabhra (8in), le hoíche speisialta craic agus ceoil chun a gcéad chruinniú de 2026 a cheiliúradh.
Beidh ceathrar ceoltóirí áitiúla ar a laghad ag teacht le haghaidh seisiún ceoil i ndiaidh uair an chloig de chomhrá ‘as Gaeilge’ ag Regan’s.
Beidh spás acu do cheoltóir nó dhó eile, nó d’amhránaí, más mian leat uirlis cheoil a thabhairt leat.
Bheadh áthas an domhain ar na cainteoirí Gaeilge áitiúla dá mbeadh Gaeilgeoirí ó Charn Mór, Baile Chláir, Eanach Dhúin, agus Mionlach in éineacht leo ar feadh cúpla uair an chloig.

