- Tá an imeacht seo tar éis tarlú cheana féin.
Ciorcal Comhrá ar ais i mBaile Chláir
Aibreán 16 @ 8:00 pm - 9:00 pm
Saor in aisce

Tá an ciorcal comhrá Gaeilge rialta in Óstán na nÁirsí i mBaile Chláir ar ais an tseachtain seo tar éis sos coicíse a thógáil do laethanta saoire na Cásca.
Beidh an ‘Ciorcal Comhrá’ seachtainiúil ar ais in Óstán Aches Déardaoin ag 8pm faoi shúil ghéar an mhúinteora Katie O’Donovan. Tá Katie, cainteoir dúchas Gaeilge a mhúineann in Eanach Dhúin, i láthair chun cabhrú le daoine lena ‘cúpla focal’ agus tá fáilte ar leith roimh fhoghlaimeoirí nó dóibh siúd nár labhair Gaeilge le tamall anuas páirt a ghlacadh.

