Seisiún na nAmhrán

Tá oíche an-speisialta eagraithe ag ár gcairde Gaeilgeoiri Ath Cinn ag Campbell’s Tavern, Cloughanover, Áth Cinn, an tseachtain seo chugainn chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh.

Más líofa atá tú nó cúpla focal amháin atá agat, ná bíodh drogall ort teacht le éisteacht nó le canadh Dé Céadaoin na seachtaine seo chugainn, an 5ú Márta.

Tá fáilte roimh amhráin i nGaeilge ó 7 go 8.30in agus is féidir fanacht ar aghaidh don seisiún traidisiúnta ina dhiaidh!