A great night in Regans

Bhí oíche iontach craic agus ceoil againn i Tigh Regan, Cluain Bú, aréir nuair a chuir Gaeltacht an Eachridh ár gcéad ‘Pop Up Gaeltacht’ ar siúl sa teach tábhairne cáiliúil ar Bóthar Ath Cinn.
Agus bhi sé go hiontach an oiread sin daoine ó Bhaile Chláir na Gaillimhe a fheiceáil ag déanamh an turais gairid trasna go Cló Bú chun bualadh le cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge ó Chluain Bú, Eanach Dhúin, Áth Cinn, agus Corr an Dola.
Thug an imeacht seo spás do dhaoine bualadh le chéile agus taitneamh a bhaint as comhrá neamhfhoirmiúi ar feadh uair go leith.
Bhí sé taitneamhach freisin bualadh le daoine nár fhreastail ar cheann dár n-imeachtaí riamh roimhe seo.
Ghlac na cainteoirí Gaeilge seilbh ar beagnach an teach tábhairne ar fad ar feadh uair go leith ag cur aithne ar a chéile agus iad ag labhairt ár dteanga dhúchais i Regans.
Bhí áthas an domhain orainn go raibh cainteoirí Gaeilge atá lonnaithe sa Bheilg agus sna Stáit Aontaithe linn don ócáid.
Ba é seo an dara huair ina shaol go raibh deis ag fear amháin, a bhfuil a mháthair ina cónaí go háitiúil, in ann Gaeilge a labhairt i suíomh sóisialta. Tá sé ag déanamh staidéir ar an nGaeilge ar aip i New Jersey le trí bliana anuas agus bhí sé thar a bheith sásta an deis a fháil a ‘chúpla focal’ a úsáid linn aréir.
Bhí fear eile a chónaíonn sa Bheilg thar a bheith sásta a bheith in ann Gaeilge a labhairt sa teach tábhairne ar a thuras abhaile go Eanach Dhún.
Chuir Regans bia den scoth ar fáil dúinn sular fhanamar sa teach tábhairne chun taitneamh a bhaint as seisiún ceoil.
Chas Niamh Ní Rúiséil, a reáchtálann an ‘ciorcal comhrá’ gach coicís i dteach tábhairne Campbells ar an Déardaoin, amhrán álainn ar an sean nós le linn an tseisiúin.
Beidh Niamh ag glacadh páirte i Comórtas Amhránaíochta ar an Sean Nós in Áras na nGael i nGaillimh ar an Satharn, 12 Iúil, ag 7in, mar chuid d’Fhéile Sean-Nóis na Gaillimhe.
“Bhí sé go hiontach an oiread sin daoine as Baile Chláir na Gaillimhe a fheiceáil ag taisteal trasna Ghaeltacht an Eachridh chun bualadh leis na daoine áitiúila ar Chluain Bú aréir,” a dúirt Ciarán O Tiarnaigh, Oifigeach Pleanála Teanga.
“Tá plean teanga sé bliana i bhfeidhm anois chun an Gaeilge a athbheochan anseo agus tá súil againn níos mó imeachtaí sóisialta mar seo a reáchtáil arís i Regans.”

Niamh Ni Ruiséil singing ‘sean nós’




Speaking Irish, from New Jersey.