Loading Events
  • This event has passed.

Christmas Party in Claregalway

December 11, 2025 @ 8:00 pm - 10:00 pm Free

 

 

Le trí chiorcal comhrá ar an bhfód anois, dhá rang Gaeilge do dhaoine fásta in Óstán na nÁirsí gach Máirt, agus neart ceardlann ar siúl inár scoileanna, creidimid go bhfuil ár bpobal Gaeilge ag fás de réir a chéile anseo i nGaeltacht an Eachréidh.

Leanfaidh an ‘Ciorcal Comhrá’ seachtainiúil le Barbara Nic Dhonnacha ar aghaidh sna hÁirsí gach Déardaoin, agus ceithre cinn eile again ar an 13, 20, agus 27 Samhain, agus ar an 4ú Nollaig. Má tá ‘cúpla focal’ agat, tabhair cuairt ar na hÁirsí ar an Déardaoin le haghaidh dea-chomhluadar agus craic le chéile.

Ós rud é gur bhain muid an-taitneamh as bualadh le daoine nua ag The Arches i mbliana, táimid ag eagrú cóisir Nollag san óstán Déardaoin, 11 Nollaig (8pm).

Tá fáilte roimh aon duine atá ina gcónaí i mBaile Chlár na Gaillimhe, i gCarn Mór agus in Eanach Dhúin agus a bhfuil leibhéal éigin Gaeilge acu freastal ar an gcóisir. Beidh bia, comhrá agus b’fhéidir ceol againn freisin. Má tá uirlis cheoil agat, tabhair leat í ar an oíche!

#aneachreidh

Venue

The Arches Hotel
Lios Ceann an Atha
Galway, Galway H91 WP38 Ireland
+ Google Map
0851587005